Ceartúcháin uathoibríocha

Aithníonn inneall seiceála gramadaí cumhachtach GaelGram a lán botún go tapa. Anuas air sin, ceartaíonn sé botúin choitianta go huathoibríoch.

Oibríonn sé ar do ghléasanna ar fad

Is cuma cén áit a mbíonn tú ag clóscríobh, is féidir GaelGram a úsáid in aon bhrabhsálaí idirlín chun cabhrú le do chuid scríbhneoireachta ar do ríomhaire glúine, ar do tháibléad nó ar d’fhón póca.

Barrfheabhsaithe

Idir shíniú isteach singil (SSO) agus bhainistíocht úsáideoirí láraithe, tá barr feabhais curtha ar GaelGram do mhúinteoirí agus do mhic léinn i scoileanna agus ollscoileanna, chomh maith le daoine atá féinfhostaithe agus ag obair in eagraíochtaí.