Tá an polasaí príobháideachais seo leagtha amach ag Cruinneog mar léiriú ar a thiomantas daingean don phríobháideachas. Mínítear sa pholasaí príobháideachais seo an t-eolas a bhailímid fút agus cén fáth.

Eolas a bhailíonn gaelgram.ie

Tugann gach úsáideoir a bhaineann úsáid as seirbhísí ar líne agus seirbhísí roghnacha buneolas teagmhála agus déimeagrafach.

Más mian le húsáideoirí teagmháil a dhéanamh le Cruinneog maidir lenár dtáirgí agus seirbhísí, caithfidh siad eolas pearsanta a iontráil. I measc seirbhísí dá bhfuil sonraí pearsanta de chineál éigin ag teastáil tá:

  • Clárú
  • Teagmháil a dhéanamh linn
  • Téacs a sheiceáil

D’fhéadfadh go mbeadh seoladh ríomhphoist agus ainm i measc an eolais a bhailítear nuair a dhéanann úsáideoir teagmháil le Cruinneog maidir le seirbhís. Nuair a dhéanann siad teagmháil linn is féidir le húsáideoir a roghnú glacadh le fógraí nó tairiscintí éagsúla ríomhphoist (féach na gnásanna maidir le roghanna thíos).

Aithníonn Cruinneog a bhfreagracht maidir le haon sonraí pearsanta a bhainistiú agus tá siad tiomanta do do phríobháideachas a chosaint agus a chaomhnú trí na dualgais a bhaineann leis an Acht um Chosaint Sonraí agus an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (RGCS).

Fianáin

Úsáideann ár suímh Google Analytics, seirbhís anailíseacha a chuireann Google, Inc. (“Google”) ar fáil. Úsáideann Google Analytics fianáin, comhaid téacs a chuirtear ar do ríomhaire le cuidiú leis an suíomh gréasáin anailís a dhéanamh ar conas a úsáideann cuairteoirí an suíomh. Cuirfear an t-eolas a ghineann an fianán faoin úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin (do sheoladh IP san áireamh) chuig Google, a stórálfaidh é ar fhreastalaithe taobh amuigh d’Éirinn lena n-áirítear, is féidir, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Eoraip agus an Áise. Úsáidfidh Google an t-eolas seo ar mhaithe leis an úsáid a bhaineann tú as an suíomh gréasáin a mheas, tuairiscí a thiomsú ar ghníomhaíocht suímh gréasáin d'oibreoirí suímh ghréasáin agus seirbhísí eile a chur ar fáil a bhaineann le gníomhaíochtaí suímh gréasáin agus úsáid idirlín. Féadfaidh Google an t-eolas seo a aistriú chomh maith chuig tríú páirtithe nuair a cheanglaíonn an dlí orthu sin a dhéanamh, nó nuair a dhéanann tríú páirtithe próiseáil ar an eolas thar ceann Google. Ní cheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Féadfaidh tú úsáid fianán a dhiúltú ach na socruithe cuí ar do bhrabhsálaí a roghnú, ach nótáil, le do thoil, má dhéanann tú seo féadfaidh sé nach mbeidh tú in ann feidhmíocht iomlán an tsuímh gréasáin seo a úsáid. Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid toilíonn tú le próiseáil sonraí fút ag Google sa tslí agus do na cuspóirí a leagtar amach thuas.

Coimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann

Tá tuilleadh eolais ar do chearta maidir le príobháideachas sonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Choimisinéir Cosanta Sonraí na hÉireann:

Ríomhphost

Ag úsáid na seoltaí ríomhphoist a chuirtear ar fáil ar fhoirmeacha agus le ceannacháin ar líne cuireann Cruinneog go tráthrialta ríomhphost bolscaireachta chuig a síntiúsóirí maidir le seirbhísí agus táirgí a chuireann gaelgram.ie agus cruinneog.com ar fáil. Is féidir leat a léiriú gur mian leat tuilleadh eolas ar ríomhphost a fháil ó Chruinneog. Is féidir leat diúltú do ríomhphoist bholscaireachta ag am ar bith ach a insint dúinn gur mian leat go mbainfí dár liosta seoltaí thú.

Naisc sheachtracha

Sa suíomh seo tá naisc chuig suímh eile. Níl Cruinneog freagrach as cleachtais phríobháideachais nó as ábhar suímh mar seo.

Slándáil

Tá bearta slándála i bhfeidhm ag an suíomh seo le cosaint in éadan an t-eolas atá faoinár smacht a bheith caillte, mí-úsáide nó athraithe. Ar an drochuair, ní féidir a dhearbhú go bhfuil aon tarchur sonraí thar an idirlíon 100% slán. Mar thoradh air sin, cé go ndéanaimid iarracht d’eolas pearsanta a chosaint, ní féidir le Cruinneog shláine aon eolais a chuireann tú chugainn nó ónár dtáirgí nó seirbhísí ar líne a chinntiú nó a bharántú, agus déanann tú seo ar do phriacal féin. Nuair a fhaighimid do chuid eolais déanaimid ár gcroídhícheall a chinntiú go bhfuil sé slán ar ár gcórais.

Dlíthiúlacht na próiseála

Tá 6 bhealach ar leith ann ina bhféadfar dlíthiúlacht cáis faoi leith próiseála sonraí pearsanta a dheimhniú faoin RGPS. Is é polasaí Chruinneog an bonn cuí le próiseáil a aithint agus a dhoiciméadú, de réir an rialacháin. Cuirtear síos ar na roghanna go hachomair sna hailt seo a leanas

1. Toiliú

Mura bhfuil sé riachtanach ar chúis atá incheadaithe sa RGCS, gheobhaidh Cruinneog toiliú follasach i gcónaí ó dhuine is ábhar do na sonraí a sonraí a bhailiú. Cuirfear eolas follasach maidir leis an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta ar fáil do dhaoine is ábhar do na sonraí ag an am a bhfaightear toiliú agus a mínítear a gcearta i leith a sonraí, leithéid an ceart toiliú a aistarraingt.

2. Comhlíonadh conartha

Nuair a theastaíonn na sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear le conradh a chomhlíonadh leis an duine is ábhar do na sonraí, ní theastaíonn toiliú follasach. Is minic go mbeidh seo amhlaidh nuair nach féidir an conradh a chur i gcrích gan na sonraí pearsanta atá i gceist e.g. ní féidir seachadadh a dhéanamh gan seoladh.

3. Oibleagáid dlí

Má theastaíonn na sonraí pearsanta a bhailítear agus a phróiseáiltear le conradh a chomhlíonadh leis an duine is ábhar do na sonraí, ní theastaíonn toiliú follasach. Féadfaidh sé go bhfuil seo amhlaidh do roinnt sonraí a bhaineann le fostaíocht agus cáin, agus do go leor réimsí eile.

4. Leas ríthábhachtach an duine is ábhar do na sonraí

I gcás a dteastaíonn na sonraí pearsanta le leas ríthábhachtach an duine is ábhar do na sonraí nó duine nádúrtha eile a chosaint, féadtar seo a úsáid mar bhunús dlíthiúil na próiseála. Coinneoidh Cruinneog fianaise réasúnta dhoiciméadaithe go bhfuil seo amhlaidh, cibé uair a úsáidtear an chúis seo mar bhunú dlíthiúil le próiseáil sonraí pearsanta.

5. Tasc déanta chun leasa don phobal

Nuair is gá do Cruinneog tasc a dhéanamh a chreideann siad atá chun leas an phobail nó mar chuid de dhualgas poiblí ní iarrfar toiliú an duine is ábhar do na sonraí. Déanfar doiciméadú ar mheasúnú leas an phobail nó ar dhualgas oifigiúil agus cuirfear ar fáil é mar fhianaise nuair is gá.

6. Leas dlisteanach

Má mheastar próiseáil sonraí pearsanta faoi leith a bheith chun leas Cruinneog agus má mheastar nach gcuireann sí isteach ar chearta agus ar shaoirsí an duine is ábhar do na sonraí ar bhealach suntasach, féadfar seo a shainmhíniú mar an chúis dhlíthiúil leis an bpróiseáil. Arís, déanfar an réasúnaíocht leis seo a dhoiciméadú.

Cearta an duine aonair

Dar leis an reachtaíocht agus leis an RGCS tá na bunchearta seo a leanas agus daoine aonair maidir leis na sonraí pearsanta a choinnítear fúthu:

  1. An ceart rochtain a bheith acu ar shonraí agus eolas pearsanta a bhaineann go sonrach leo.
  2. An ceart meancóga a chearta sna sonraí nó san eolas sin.
  3. An ceart a iarraidh go scriosfar na sonraí nó an t-eolas sin (an ceart a bheith dearmadta).
  4. An ceart margaíocht dhíreach a dhiúltú.
  5. An ceart bac a chur ar phróiseáil a sonraí pearsanta.
  6. An ceart sonraí pearsanta a aistriú.

Cloífidh Cruinneog le riachtanais na reachtaíochta agus RGCS i ngach slí, de réir acmhainní agus dhualgais na heagraíochta.

Nochtadh d’eolais

Ní nochtfaimid do shonraí do thríú páirtithe murar thoiligh tú leis an nochtadh seo nó murar gá don tríú páirtí iarratas nó conradh a chur i gcrích atá déanta agat. Nuair is cuí, féadfar go ndéanfaidh ár soláthraithe seirbhíse sonraí a phróiseáil chomh maith agus más amhlaidh déanfaimid bearta lena chinntiú go gcloífidh an phróiseáil le dlíthe infheidhmithe cosanta sonraí agus rúndachta. Nochtfaimid do shonraí chomh maith má chreidimid le hintinn mhaith gur gá dúinn iad a nochtadh le cloí le haon dlí infheidhmithe, toghairm, barántas cuardaigh, ordú cúirte nó rialála nó riachtanas reachtúil nó dlíthiúil eile.

Iarratas ar rochtain

De réir na gceart seo thuas tá sé de cheart ag duine aonair sonraí agus eolas pearsanta a choinnítear orthu a iarraidh leis an eolas agus dlíthiúlacht phróiseáil an eolais a sheiceáil. Faoin RGCS tá de cheart acu:

  • Dearbhú a lorg go bhfuil a sonraí pearsanta á bpróiseáil
  • Rochtain a fháil ar a sonraí pearsanta
  • Eolas eile a lorg de réir mar atá leagtha amach sa reachtaíocht agus sa RGCS

Is iad seo na céimeanna atá le glacadh maidir le hiarratais ar an eagraíocht le haghaidh rochtana: Cuirfear aon iarratas ar rochtain chuig an oifigeach cosanta sonraí i scríbhinn ag diarmaid@cruinneog.com. Freagrófar an t-iarratas a luaithe agus is féidir agus faoi mhí ar a dhéanaí.

Le cloí leis an dlí, ní féidir an t-eolas a nochtadh ach don iarratasóir nó do dhuine atá údaraithe an t-eolas a fháil. Ar an gcúis seo, caithfear aitheantas a dheimhniú don iarratasóir nó dá n-ionadaí. Is féidir leis na daoine seo iarratas a dhéanamh ar rochtain ar shonraí pearsanta:

  • An duine lena mbaineann na sonraí pearsanta
  • Ionadaí don duine lena mbaineann na sonraí pearsanta
  • Duine ceaptha ag cúirt dlí
  • Gníomhaireacht forfheidhmithe dlí

Caithfear céimeanna cearta a ghlacadh le haitheantas an iarratasóra a dheimhniú sula dtosófar aon obair ar an iarratas. Lorgóidh Cruinneog síneadh ama dhá mhí ar an spriocdháta thuas má chreideann siad go bhfuil an t-iarratas casta nó ilghnéitheach. Beidh forálacha eile RGCS agus an reachtaíocht ábhartha má mheastar go bhfuil an t-iarratas gan bhunús nó thar fóir.

Gearáin

Leagann an rialachán agus an t-acht síos rialacha maidir le conas is cóir d’eagraíochtaí eolas a bhailiú agus a úsáid agus tá Cruinneog tiomanta cloí leis na rialacha sin, i gcomhréir le scála na n-acmhainní atá ag an eagraíocht agus a n-oibleagáidí. Ach má chreideann duine nár láimhseáil Cruinneog a sonraí pearsanta de réir an achta, is féidir leo gearán a dhéanamh leis an oifigeach cosanta sonraí ag diarmaid@cruinneog.com. Is féidir le duine aonair gearán a dhéanamh chomh maith mura bhfuil siad sásta leis an mbealach ar pléadh lena n-iarratas ar rochtain. De ghnáth gheobhaidh siad freagra faoi 20 lá oibre tar éis an gearán a dhéanamh. Tar éis na céime seo, agus má tá siad fós míshásta, is féidir leis an duine iarratas a dhéanamh go ndéanfaidh Coimisinéir Cosanta Sonraí áireamh a dhéanamh ar conas atá Cruinneog ag comhlíonadh an achta maidir le sonraí pearsanta.

Sonraí teagmhála don oifigeach cosanta sonraí

Athruithe ar an ráiteas príobháideachais seo

Coimeádaimid an ceart an ráiteas príobháideachais seo a athrú ó am go ham dár lánrogha féin. Má dhéanaimid athruithe dá bpolasaí príobháideachais postálfar na hathruithe seo ar ár leathanach polasaí príobháideachais. Ba chóir duit an leathanach seo a athbhreithniú go rialta le haghaidh nuashonruithe. Má tá tuairimí nó ceisteanna agat faoinár bpríobháideachas nó téarmaí úsáide cuir ríomhphost le do thoil chuig diarmaid@cruinneog.com.