Aiseolas tapa, áisiúil

Aithníonn GaelGram a lán botúin litrithe agus gramadaí go tapa. Tugann sé comhairle úsáideach agus ceartaíonn sé botúin choitianta go huathoibríoch chun do chuid scríbhneoireachta a dhéanamh níos tapúla agus níos cruinne.

Oibríonn sé gach áit

Ar do ríomhaire glúine nó ar d’fhón póca, is cuma cá mbíonn tú ag scríobh as Gaeilge, oibríonn GaelGram i do bhrabhsálaí idirlín chun an téacs i do ríomhphoist, do dhoiciméid agus do chur i láthair a sheiceáil.

Bainistíocht úsáideoirí láraithe

Agus é deartha le béim ar dhaoine aonair cosúil le mic léinn, múinteoirí agus lucht gairme chomh maith le heagraíochtaí ar nós scoileanna, gnólachtaí agus ollscoileanna, tá síniú isteach singil (SSO) agus bainistíocht úsáideoirí láraithe ag GaelGram le go mbeidh sé éasca le húsáid.